Fúinn

Páirc Na Mara
Is sócmhainn náisiúnta é ár n-aigéan. Tacaíonn sé le heacnamaíocht éagsúil mara a bhfuil acmhainneacht shuntasach straitéiseach aige le teacht I dtír ar an margadh mara domhanda bia mara, turasóireacht ghorm, acmhainní ola agus gáis, fuinneamh athnuaite mara, agus feidhmeanna nua sláinte, míochaine agus teicneolaíochta, ar fiú luach €1,200 billiún é (An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, 2012). Agriculture, Food and the Marine, 2012).
Mar sin féin, déanann anailís comhaimseartha cás láidir nach bhfuil Éire ag baint an leas is fearr as ár n-acmhainní mara agus gur féidir dul chun cinn suntasach a dhéanamh chun tairbhe a bhaint as saibhreas ár n-aigéin rud a bheadh mar phríomhghné den téarnamh geilleagrach agus fás inbhuanaithe agus a rachadh chun tairbhe dár bpobal. Táthar ag súil go dtiocfaidh ardú ar an éileamh ar tháirgí éisc ar an leibhéal domhanda mar go bhfuiltear ag tuar go mbeidh fás ag teacht ar an daonra agus go mbeidh feabhas ag teacht ar an acmhainn ceannaigh agus feasacht níos fearr ar chúrsaí cothaithe. Cuireann na tuartha sin in iúl gur soláthraí amhábhar í an earnáil dobharshaothraithe a bhfuil níos mó agus níos mó tábhachta ag baint léi do na tionscail phróiseála gan trácht ar na deiseanna san earnáil mhara níos leithne ar nós feamainn agus fuinneamh.
Is é Údarás na Gaeltachta an ghníomhaireacht stáit réigiúnach a bhfuil freagracht reachtúil aige maidir le forbairt eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha na réigiún Gaeltachta in Éirinn. D’aithin an tÚdarás, an t-am ar fad an tábhacht a bhain leis an acmhainn mara chun deiseanna fostaíochta inbhuanaithe agus deiseanna forbartha eacnamaíocha réigiúnacha agus áitiúla a chruthú. Síneann cósta na Gaeltachta thar 2,500km ó Thír Chonaill sa taobh ó thuaidh go dtí Rinn Ó gCuanach i gCo. Phort Láirge. Ó thaobh théarmaí spáis de, is ionann é agus 25% de chósta iomlán na hÉireann agus tá sé oileán Gaeltachta mar chuid de. I measc chuspóirí na gníomhaireachta bheadh forbairt ar fhiontair dhúchasacha agus infheistíocht a mhealladh ar a n-áirítear infheistíocht dhíreach eachtrach. Faoi láthair tá os cionn 13% de chliaint ÚnaG fostaithe in earnálacha próiseála dobharshaothraithe agus bia mara laistigh de réigiúin na Gaeltachta.

Ár nAidhm
Tá Údarás na Gaeltachta, agus é ag tógáil ar obair atá déanta ag gníomhaireachtaí poiblí go dtí seo, i gceannas fhoireann idirghníomhaireachta chun Páirc Nuálaíochta Mara (Páirc na Mara) a fhorbairt ar láthair athfhorbraíochta i gCill Chiaráin, Co. na Gaillimhe. Cruthóidh na pleananna forbartha agus infheistíochta atá á n-ullmhú faoi láthair thart ar 200 post díreach agus 400 post neamhdhíreach thar thréimhse chúig bliana.
Is é tionscal na mara agus na gníomhaíochtaí coimhdeacha an príomhfhostóir i gceantar Chuan Chill Chiaráin agus cuireann sé go mór leis an ionchur iomlán ó thaobh tionscal de ar leibhéal réigiúnach agus náisiúnta.
Tá sé ar chumas fhorbairt na hearnála mara tairbhí socheacnamaíocha suntasacha díreacha a chur ar fáil don cheantar agus spreagthaigh eile a ghiniúint chun comhtháthú níos fearr a dhéanamh ar fhorbairt agus fhás na heacnamaíochta áitiúil. Tá an cumas ann i gCill Chiaráin freisin cnuasach dobharshaothraithe inbhuanaithe a fhorbairt thart ar an réimse gníomhaíochtaí atá ansin faoi láthair. Tá formhór ghnéithe shlabhra soláthair an tionscail ón bhfeirm go dtí an margadh mar chuid de na gníomhaíochtaí sin.

Grúpa Stiúrtha
Bunaíodh Coiste Comhairliúcháin i 2017 chun na spriocanna uaillmhianacha sin a bhaint amach agus chun tacú le plean infheistíochta foriomlán Pháirc na Mara. Tá an Coiste déanta suas as sampla ionadaíoch de pháirtithe leasmhara a chomhlíonann freagrachtaí reachtúla i réimsí na plánála, rialála agus forbartha chomh maith le speisialtóirí ó institiúidí taighde agus acadúla atá tiomanta ar fhorbairt inbhuanaithe na hacmhainne mara.
Ailíniú Pháirc na Mara le Beartas Tionscail Mara
Tá sé soiléir go bhfuil tiomantas leanúnach ag an Rialtais don fhás gorm agus do Phlean Mara Comhtháite na hÉireann - Leas a Bhaint as ár Saibhreas Aigéin ( HOOW) a chur i bhfeidhm in Éirinn áit a leanann sé beartas eacnamaíoch onnghnó trí fhoinse fuinniúil chláir maoinithe agus tacaíochta nuathionscanta a chur ar fáil.
D’aithin Údarás na Gaeltachta an tábhacht a bhí ag acmhainn mhara le deiseanna fostaíochta ó thús báire. Táimid tiomanta ar chomhoibriú agus cabhrú leis an eacnamaíocht mhara a thógáil in Éirinn. Bhain comhlachtaí cliant de chuid Údarás na Gaeltachta tairbhe as caidreamh comhoibritheach táirgiúil agus éifeachtach atá seanbhunaithe le Bord Iascaigh Mhara agus Foras na Mara. Tá ionadaithe ag Údarás ar roinnt coistí náisiúnta, ar a n-airítear na scéimeanna atá á bhfeidhmiú faoi láthair faoin gCiste Eorpach Muirí & Iascaigh.
- Plean Gníomhaíochta do Phoist
- Plean Gníomhaíochta do Phoist Faoin Tuath
- Ráiteas um Bitheacnamaíocht Náisiúntay Statement
- An Straitéis Réigiúnach Spásúil agus Eacnamaíochc Strategy
- Plean Áitiúil Eacnamaíochta agus pobail Chontae na Gaillimhe
- Gníomhaíochtaí Chlár an Rialtais 2016rnment 2016
- Foodwise 2025 2025
- Straitéis Náisiúnta Taighde agus Nuálaíochta Muirí Strategy
- Plean Straitéise Náisiúnta um Fhorbairt Inbhuanaithe an Dobharshaothrúaculture Development
- Beartas Muirí Comhtháite don Aontas Eorpach
- Straitéis an AE don Atlantach agus an Straitéis don Fhás Gorm