Seimineár Feamainne

Rinne Údarás na Gaeltachta óstáil ar “Sheimineár Feamainne” in Óstán Chósta Chonamara ar an gCéadaoin 15 Eanáir 2020. D’aithin an tÚdarás ó thús báire an tábhacht a bhí ag an acmhainn mhara le deiseanna forbartha eacnamaíochta réigiúnacha agus áitiúla a bheadh inbhuanaithe a chruthú. Ba phríomhthionscnamh a bhí san imeacht seo faoi thionscadal SW-Grow an AE a bhfuil maoiniú á dhéanamh air ag Clár An Fhorimill Thuaidh agus an Artaigh 2014-2020, clár a bhfuil Údarás mar chomhpháirtí tionscadail dá chuid. Is é cuspóir SW-Grow ná cur leis na deiseanna eacnamaíochta i dtionscal na feamainne trí chleachtais oibre nuálacha ar féidir le FBManna a bhfuil baint acu leis a úsáid sa réigiún NPA.

Chuir Cliodhna Ní Ghríofa, oifigeach tionscadail SW-Grow, tús leis an imeacht, agus chuir sí síos ar an obair a bhain leis agus na torthaí a bhí beartaithe don tionscadal i dteannta a comhpháirtí tionscadail ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Ronan Sulpice. Ar na saineolaithe eile a labhair bhí an Dr. Mark White, Údarás na Gaeltachta, Freddie O Mahony ó Carton Point Shellfish, an Dr. Maria Hayes ó Teagasc, an Dr.Julie Maguire ó BMRS, James Burke, Jim Keogh ó Arramara Teo, Wayne Murphy ó Hatch, John Quinlan, an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus Teresa Morrissey ó Fheirmeoirí Aontaithe na hÉireann (IFA).  

Tá sé soiléir go bhfuil an-suim á chur i dtionscal na feamainne – d’fhreastail 120 duine ar an ócáid, ó ghnólachtaí nuathionscanta go comhlachtaí atá an-fhorbartha ar nós Ross Campbell ó CyberCollids Ltd. chomh maith le gníomhaireachtaí stáit ar nós Bord Bia. Roinneadh eolas sonraithe ar fhorbairtí a rinneadh ar an tionscal roimhe seo ar nós forbairtí Theagasc ar pheiptíd bhithghníomhach as feamainn chun sláinte chroí a chothú, úsáid éifeachtach a bhaint as an bpróitéin a fhaightear i bhfeamainn agus a n-ábharthacht fheidhmiúil i dtionscal an bhia agus tionscadail reatha de chuid BMRS atá ag déanamh scrúdú ar na cineálacha dúchasacha feamainne anseo in Éirinn is fearr a léiríonn airíonna frithmheatánaigineacha. 

Download a copy of the presentations below

Glaoigh orainn

Give us a call or an email, we endeavour to answer all enquiries within 24 hours on business days.





    Galician