Cnuasach
Cnuasach
Cnuasach Mara Iarthar na hÉireann

Tá Údarás na Gaeltachta tiomanta feabhas a chur ar an iomaíochas sna fiontair bheaga agus mheánmhéide atá ann cheana. Is féidir an t-iomaíochas a bhaint amach trí ghníomhaíocht a thabhairt le chéile i láthair amháin áit a bhféadfaidh oibríochtaí atá ag brath ar a chéile a bheith ag tacú lena chéile. Ciallaíonn sé gnólachtaí nó tionscail a oibríonn i staideanna cosúla agus atá ag dul ar aghaidh i réigiún ar leith a thabhairt le chéile agus iad a athlonnú. Is é an cuspóir a thiomáineann cnuasaigh gníomhaíochtaí a bhfuil baint acu le chéile ná “mais chriticiúil” gníomhaíochta a spreagadh chun forbairt ghníomhaíochtaí eacnamaíochta brabúsacha agus atá inbhuanaithe a éascú rud a spreagfaidh fás socheacnamaíoch sa cheantar dá bharr sin.
Tá sé soiléir go mbraitheann tiomantas don nuálaíocht agus brabúsacht ar a chéile. Ar an mbealach sin forbraíonn cnuasaigh de réir a chéile maidir le comhdhéanamh na seirbhísí a chuirtear ar fáil, rud a léiríonn céimeanna difriúla fhorbairt eacnamaíochta agus sóisialta. Léiríonn feidhmíocht agus comhdhéanamh athraitheach chnuasaigh mara go hidirnáisiúnta na róil éagsúla a bhí acu i réigiúin dhifriúla agus ag tréimhsí ama.

An tairbhe atá le cnuasaigh
Cuireann cnuasaigh bonn ar fáil do shnáithí iomaíochais, nuálaíochta agus teach aniar. Mar gheall ar sin, á mbeadh cnuasach mara cruthaithe agus curtha chun cinn in Iarthar na hÉireann, (Cill Chiaráin) d’fhéadfadh sé a bheith ina uirlis tábhachtach beartais chun eacnamaíocht na mara a fhorbairt agus cabhrú le Údarás na Gaeltachta a chuid dualgas straitéiseacha a chomhlíonadh i measc spriocanna náisiúnta agus idirnáisiúnta eile. Tá cnuasach tábhachtach straitéiseach d’fhiontair mara lonnaithe sa réigiún cheana féin. Áiríonn sé seo feirmeacha bradáin orgánacha – Bradán Beo teoranta agus MOWI (an táirgeoir bradán feirme is mó in Éirinn), feirm mhuiríní agus oisrí dúchasacha, próiseálaí feamainne agus próiseálaí éisc chomh maith le ISPG, grúpa díolacháin agus margaíochta éisc. Ina dteannta sin tá Institiúid Martin Ryan, áis taighde agus teagaisc mara, agus Stáisiún Taighde Atmaisféarach Cheann Mhása, ceann de na stáisiúin taifeadta mearcair is faide ar an bhfód in aon áit ar domhan.
Ní bheadh aon bhunús le bheith ag súil go mbainfeadh tionscal agus an lucht acadúil leas as an deis seo agus creata agus samhail a chruthú a chabhródh le luas a chur ar bhonn céime le cnuasaigh mar seo agus dá bhrí sin caithfidh an tÚdarás agus ár gcomhpháirtithe an ceannas a ghlacadh ar an togra seo. I measc na straitéisí poiblí d’fhéadfaídh tacú mar “chumasóirí cnuasach” tá, na hearnálacha éilimh-tarraingthe a neartú nó nuálaíocht, T&F agus comhlachtaí ceannais a chur chun cinn.
Tar isteach inár gCnuasach mara
Níl muid ag fanacht go mbeidh an INFM iomlán. Táimid ag iarraidh ár gCnuasach Mara Iarthar na hÉireann a chur ar bhonn foirmiúil anois agus tugaimid cuireadh don héilics triarach a bheith páirteach anseo. Chun tuilleadh eolais a fháil le teacht isteach inár gcnuasach mara déan teagmháil linn le do thoil.
Cnuasach
Cnuasach Mara Iarthar na hÉireann
Tá Údarás na Gaeltachta tiomanta feabhas a chur ar an iomaíochas sna fiontair bheaga agus mheánmhéide atá ann cheana. Is féidir an t-iomaíochas a bhaint amach trí ghníomhaíocht a thabhairt le chéile i láthair amháin áit a bhféadfaidh oibríochtaí atá ag brath ar a chéile a bheith ag tacú lena chéile. Ciallaíonn sé gnólachtaí nó tionscail a oibríonn i staideanna cosúla agus atá ag dul ar aghaidh i réigiún ar leith a thabhairt le chéile agus iad a athlonnú. Is é an cuspóir a thiomáineann cnuasaigh gníomhaíochtaí a bhfuil baint acu le chéile ná “mais chriticiúil” gníomhaíochta a spreagadh chun forbairt ghníomhaíochtaí eacnamaíochta brabúsacha agus atá inbhuanaithe a éascú rud a spreagfaidh fás socheacnamaíoch sa cheantar dá bharr sin.
Tá sé soiléir go mbraitheann tiomantas don nuálaíocht agus brabúsacht ar a chéile. Ar an mbealach sin forbraíonn cnuasaigh de réir a chéile maidir le comhdhéanamh na seirbhísí a chuirtear ar fáil, rud a léiríonn céimeanna difriúla fhorbairt eacnamaíochta agus sóisialta. Léiríonn feidhmíocht agus comhdhéanamh athraitheach chnuasaigh mara go hidirnáisiúnta na róil éagsúla a bhí acu i réigiúin dhifriúla agus ag tréimhsí ama.

An tairbhe atá le cnuasaigh
Cuireann cnuasaigh bonn ar fáil do shnáithí iomaíochais, nuálaíochta agus teach aniar. Mar gheall ar sin, á mbeadh cnuasach mara cruthaithe agus curtha chun cinn in Iarthar na hÉireann, (Cill Chiaráin) d’fhéadfadh sé a bheith ina uirlis tábhachtach beartais chun eacnamaíocht na mara a fhorbairt agus cabhrú le Údarás na Gaeltachta a chuid dualgas straitéiseacha a chomhlíonadh i measc spriocanna náisiúnta agus idirnáisiúnta eile.
Tá cnuasach tábhachtach straitéiseach d’fhiontair mara lonnaithe sa réigiún cheana féin. Áiríonn sé seo feirmeacha bradáin orgánacha – Bradán Beo teoranta agus MOWI (an táirgeoir bradán feirme is mó in Éirinn), feirm mhuiríní agus oisrí dúchasacha, próiseálaí feamainne agus próiseálaí éisc chomh maith le ISPG, grúpa díolacháin agus margaíochta éisc. Ina dteannta sin tá Institiúid Martin Ryan, áis taighde agus teagaisc mara, agus Stáisiún Taighde Atmaisféarach Cheann Mhása, ceann de na stáisiúin taifeadta mearcair is faide ar an bhfód in aon áit ar domhan.