Tionscadail

Tionscadail

Tacaíonn roinnt mhaith de thionscadail an Údaráis le Páirc na Mara. Cuireann an tÚdarás deiseanna taighde, oiliúna agus roinnt eolais ar fáil d’fhiontair trína rannpháirtíocht I gcláir trasnáisiúnta de chuid an AE, ar a n-áirítear cláir atá maoinithe faoi H2020 agus INTERREG, chomh maith le tionscadail agus gníomhaíochtaí eile atá urraithe ag an AE. Ar an réimse reatha tionscadal a bhainistíonn an ghníomhaireacht tá:

SW-GROW

Is tionscadal é SW-Grow atá maoinithe ag an AE agus tá sé dírithe ar thionscal na feamainne amháin sa Réigiún Fhorimill Thuaidh agus an Artaigh. Tá sé mar aidhm aige ceisteanna coitianta a aithint ar fud an réigiúin agus rochtain a thabhairt ar cheangail ardleibhéil T&F laistigh de chomhpháirtithe acadúla thar theorainneacha réigiúnacha agus náisiúnta chun píolótú a dhéanamh ar réitigh ar féidir iad a chur i bhfeidhm feadh an tionscail - agus ar an mbealach sin réitigh a fhorbairt trínar féidir teicneolaíochtaí a aistriú thar réimse an Chláir – rud a ghabhfadh chun tairbhe do FBManna go háirithe. Beidh leibhéil níos airde nuálaíochta agus iomaíochta mar thoradh ar sin i gceantair iargúlta ar bheagán daonra trí shamhlacha agus réitigh a éascaíonn aistriú teicneolaíochta chuig agus thar an cheantar Cláir a aistriú agus a fhorbairt. 

Ar na torthaí dearfacha a mbeifear ag súil leo tá: 

breis eolas

EMPORIA4KT

Tá Eacnamaíocht Ghorm an AE ionadaíoch ar gach gníomhaíocht eacnamaíoch a bhaineann le haigéin, le réigiúnacha farraige agus cósta agus clúdaíonn sé réimsí ar nós iascach, longthógáil, turasóireacht agus fuinneamh aigéin. Cuireann an earnáil fostaíocht ar fáil do bheagnach 3.5 milliún duine san Eoraip faoi láthair, agus tá sé ag fás i gcónaí. Mar sin féin tá gá le hinfheistíocht i nuálaíocht chun deiseanna gnó nua a chruthú agus chun ár n-acmhainní aigéin agus farraige a bhainistiú ar bhonn inbhuanaithe. Tá tráchtálaíocht ar nuálaíochtaí teicniúla ina phríomhthiománaí ar fhás eacnamaíoch fadtéarmach, ach ní minic a bhaineann Teicneolaíochtaí ag an gCéim Luath [Early Stage Technologies (EST) ] a fhorbraítear trí thaighde acadúil an margadh amach. Tá ceangail níos fearr ag teastáil idir an lucht acadúil, gnó agus rialtas - earnálacha a mbíonn údair dhifriúla spreagtha acu go minic, chun fás inbhuanaithe a thiomáint san Eacnamaíocht Ghorm.

breis eolas

ACCESS2SEA

Is earnáil í an dobharshaothrú mara (iasc, sliogéisc, algashaothrú) atá chun cinn in Eacnamaíocht Ghorm Limistéar an Atlantaigh agus is traidisiún tábhachtach é i roinnt mhaith tíortha de chuid an AE agus atá suntasach thar chuid mhaith dá gcuid cóstaí. Ós rud é nach bhfuil ach 10% de bhia mara chósta an Atlantaigh ag teacht ó fhoinse an dobharshaothraithe tá an-deis ann méadú a chur ar tháirgeadh dhobharshaothraithe Limistéar an Atlantaigh ar bhealach inbhuanaithe agus is é sin an phríomhsprioc atá ag Access2Sea. 

Tá an fhéidearthacht ag dobharshaothrú borradh a chur le forbairt eacnamaíoch agus le poist a chruthú go háirithe in earnáil an bhia mara trí shaothrú inbhuanaithe a dhéanamh ar na hacmhainní nádúrtha. Is príomhghné den eacnamaíocht ghorm sa réigiún ná feirmeacha inbhuanaithe nua a chruthú. 

breis eolas

Oiliúint Mhara

Tá oiliúint agus uasoiliúint fhostaithe agus baill den phobal ag croílár luachanna an Údaráis. Táthar ag díriú níos mó ar uasoiliúint muirí, agus ritheadh go leor cúrsaí agus tá tuilleadh sceidealaithe le tarlú amach anseo. Seo thíos achoimre ar na cúrsaí a ritheadh le gairid: 

  • BIM – Ard-dioplóma sa Ghnó uisce 
  • Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann Leibhéal 5 Tógáil báid 
  • Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann leibhéal 5 Dobharshaothrú – Mórdhámachtain 
  • Loingseoireacht agus Seasmhacht
  • Sábháilteacht agus Sláinte ag an Obair 
  • Táirgeadh Gorlainne Dobharshaothraithe 
  • Shellfish Ongrowing Operations 
  • Finfish Ongrowing Operations 
  • Seaweed Ongrowing
  • Marine Engine Operations

Ár Lucht Tacaíochta